Eolas
Bunús
Ba chun freastal ar riachtanas a bunaíodh na BFCanna, riachtanas a bhí ann do thacaíocht a bheadh dírithe go sonrach ar earnáil na micrifhiontar. Príomhghné de chuid líonra nua na BFCanna is ea ionadaithe ó raon spéiseanna áitiúla a bheith orthu agus iad a bheith dírithe go hiomlán ar an ní áitiúil. I 1993 a bunaíodh na 35 BFC agus tugadh stádas reachtúil dóibh ina dhiaidh sin faoin Acht um Fhorbairt Tionscail 1995.
Cuspóir sonrach ba ea éiteas na fiontraíochta áitiúla a chothú agus a leathnú.